|||::
Beidh ceolchoirm bheo ar siúl in Áras Inis Gluaire mar chuid d’Oíche Chultúir 2025. Tabharfaidh an triúr ceoltóirí cumasacha ó Mhaigh Eo agus ó Shligeach, An Ox Mountain Trio – Siobhán O’Donnell, David Doocey agus Stephen Doherty – léiriú spleodrach lán le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus scéalaíocht. Beidh an ócáid saor in aisce agus oscailte don phobal agus is deis iontach í don aos óg ceoltóirí gairmiúla a fheiceáil agus spreagadh a fháil uathu.
Arna mhaoiniú ag Ealaín na Gaeltachta.